
Séimh, bog agus mín, tá clú agus cáil ar Uisce Beatha Éireannach as bheith éadrom agus síodúil i do bhéal.
Tá uisce beatha Éireannach ar na biotáillí is sine ar domhan agus tá sé á dhéanamh in Éirinn ó bhí an 6ú hAois ann. Bíonn réimse dathanna air, ó gheal-órga go dubh-ómrach, agus bíonn blasanna éagsúla air freisin, torthaí, bláthanna, adhmad agus mil ina measc.
Stair agus bunús na dí
Nuair a thug manaigh na hÉireann biotáillí driogtha isteach sa tír, cuireadh tús le próiseas a thug ceann de na samplaí is cáiliúla ar domhan d’uisce beatha dúinn, chomh maith le hainm an dí féin. Ar dtús tugadh ‘Uisce Beatha’ ar aon sórt biotáille driogtha, fiú na cinn a úsáideadh le haghaidh cumhrán agus leighis, ach de réir a chéile rinneadh nasc dobhriste idir an t-ainm sin agus an deoch atá ann inniu.
Tionscal baile a bhí i dtáirgeadh uisce beatha ar dtús. Rinneadh go háitiúil agus ar mhionscála é, agus ba mhinic a dhriogtaí an deoch faoi rún chun an ráta ard cánach a bhain léi a sheachaint. Sa 19ú hAois, áfach, tháinig méadú ollmhór ar mhéid an uisce beatha a táirgeadh. Tharla an tionsclú chomh tapa sin go raibh a dhá oiread stileanna ag feidhmiú in Éirinn sa bhliain 1840 ná mar a bhí in 1827! Mar sin féin, cé go raibh rath ar an driogadh in Éirinn sa 19ú hAois, tháinig meath mór ar an tionscal i rith luathbhlianta an 20ú hAois.
An suaitheadh eacnamaíoch a tháinig chun cinn mar gheall ar an gCéad Chogadh Domhanda, ar Éirí Amach na Cásca agus ar Chogadh na gCarad in Éirinn, rinne sé sin an-dochar don tionscal. Buaileadh tionscal an uisce beatha Éireannaigh arís tar éis an 18ú leasú ar Bhunreacht SAM, rud a chuir cosc ar alcól a dhíol i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Leis sin, cuireadh deireadh láithreach leis an margadh easpórtála is mó a bhí ag an uisce beatha Éireannach, rud a rinne tuilleadh dochair fós don earnáil leochaileach.

In ainneoin na mbuillí siar sin, tháinig tionscal an uisce beatha Éireannaigh slán as agus tá borradh seasta faoi ó na 1980idí, agus faoi na 1990idí bhí roinnt comhaontuithe idirnáisiúnta sínithe a d'aithin tréith uathúil an uisce beatha Éireannaigh, ina measc sin bhí an Comhaontú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe in 1994 inar leagadh síos nach féidir 'uisce beatha Éireannach' a thabhairt ar aon táirge ach amháin uisce beatha a driogadh ar oileán na hÉireann. Faoi 2013 easpórtáladh níos mó ná 6.2 milliún cás 9 lítear ar fud an domhain. Is léir ón méid sin go bhfuil ardmheas ar uisce beatha Éireannach ar fud na cruinne.
An próiseas táirgthe
Cuirtear tús leis an bpróiseas le lánghránaigh - in uisce beatha braice is den eorna a thagann 100% de na gránaigh sin agus in uisce beatha gráin ní mór 30% ar a laghad teacht den eorna - a mhuilleáiltear agus a mheasctar ansin le huisce áitiúil. Is é an toradh air sin ná maistreán a dhéantar a théamh chun na siúcraí a bhaint as an ngrán agus ansin tá an “bhraichlis” atá fágtha réidh le coipeadh. Cuirtear giosta leis, rud a thiontaíonn siúcraí na braichlise ina n-alcól. Tá an leacht coipthe sin, a dtugtar “triosclach” air, réidh anois le driogadh.
Úsáidtear dhá phróiseas ar leith chun uisce beatha Éireannach a dhriogadh: modh na stile pota, atá níos sine, agus modh na stile colúin. Fágann modh na stile pota blas níos láidre ar an uisce beatha agus faightear biotáille níos éadroime leis an stil cholúin.
Le linn an driogtha, déantar an triosclach a théamh, a dheighilt ó chéile agus a chomhdhlúthú. Bíonn an próiseas sin difriúil i stileanna colúin agus stileanna pota, agus i gcás na n-uiscí beatha a dhriogtar faoi dhó nó faoi thrí ach, gan beann ar an modh, bíonn bua na ceirde de dhíth chun an chomhdhúil alcóil cheart a shocrú. Tugtar déanamh an “ghearrtha” air sin agus is próiseas barrthábhachtach é agus uisce beatha ar ardchaighdeán á dhéanamh.
Ag an deireadh ar fad, tagann an t-uisce beatha in aibíocht i stórtha ar oileán na hÉireann ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad. Tá cosc dian ar an táirge a aibiú lasmuigh d’Éirinn, rud a fhágann nach bhfuil cead an t-uisce beatha a easpórtáil sa bhairille agus go gcaithfear é a chur i mbuidéil nó i gcoimeádáin thámha sula bhfágfaidh sé an t-oileán.