Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Agriculture and rural development

Grúpaí idirphlé shibhialta i réimse na talmhaíochta

Bíonn idirphlé rialta ar bun ag an gCoimisiún Eorpach le páirtithe leasmhara maidir le gach ábhar a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus lena chur chun feidhme.

Forléargas

Is éard atá sna Grúpa Idirphlé Shibhialta (GISanna) grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a bhaineann go sonrach le hArd-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe. Creat aonair atá iontu, ó thaobh an dlí agus an nós imeachta de, chun dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara neamhrialtasacha. Tugann na GISanna cúnamh don Choimisiún Eorpach chun tionscnaimh bheartais a ullmhú agus tugann siad comhairle dó maidir lena réimsí inniúlachta téamacha nuair a bhíonn saineolas sonrach ag teastáil. Ina theannta sin, bíonn taithí agus dea-chleachtas á malartú sna GISanna agus faisnéis á scaipeadh idir na comhaltaí, agus bíonn siad in ann monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí beartais sna réimsí gníomhaíochta lena mbaineann siad.

Sheol an Coimisiún glao ar iarratais chun comhaltaí nua a ainmniú do na GISanna le haghaidh na tréimhse 2023-27. Ba é an 29 Samhain 2022 an sprioc-am chun iarratais a chur isteach i dtosach, ach cuireadh síneadh leis go dtí an 6 Eanáir 2023. Ar bhonn an nós imeachta le haghaidh iarratas agus an mhéid a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/1368 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022, cheap Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe na comhaltaí a roghnaíodh do na 7 GIS nua.

Tuilleadh eolais faoin nglao ar iarratais

Clár Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin

Grúpaí Idirphlé Shibhialta

De réir Chinneadh (AE) 2022/1368 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/767/AE, bhunaigh an Coimisiún na 7 ngrúpa théamacha idirphlé shibhialta seo a leanas i ndáil le hábhair a chlúdaítear leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT). 

CAP Strategic Plan and Horizontal matters
Pleananna Straitéiseacha Comhbheartais Talmhaíochta agus ábhair chothrománacha

Gach ábhar a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta, cur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha Comhbheartais Talmhaíochta i mBallstáit an Aontais agus forbairtí beartais fadtéarmacha san áireamh.

Cruinnithe agus doiciméid

cdg Agricultural markets
Margaí talmhaíochta

Forbairtí eacnamaíocha agus beartais maidir le margaí na n-earnálacha éagsúla i réimse na dtáirgí plandaí.

Cruinnithe agus doiciméid

cdg animal production
Táirgeadh ainmhithe

Forbairtí eacnamaíocha agus beartais maidir le hearnálacha na dtáirgí ainmhí.

Cruinnithe agus doiciméid

cdg international aspects of agriculture
Gnéithe idirnáisiúnta den talmhaíocht

Gach ábhar a bhaineann leis an ngné idirnáisiúnta den Chomhbheartais Talmhaíochta.

Cruinnithe agus doiciméid

cdg organics
Feirmeoireacht orgánach

An táirgeadh orgánach, cur chun feidhme an táirgthe orgánaigh san áireamh, mar aon le bearta nua ón gCoimisiún, forbairt na mbeartas, agus dearcthaí na hearnála orgánaí maidir le cúrsaí beartais.

Cruinnithe agus doiciméid

cdg quality and promotion
An cháilíocht agus an cur chun cinn

Tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, agus cur chun cinn tháirgí talmhaíochta an Aontais.

Cruinnithe agus doiciméid

cdg environment and climate
An comhshaol agus an t-athrú aeráide

Gnéithe comhshaoil agus aeráide den Chomhbheartas Talmhaíochta, idir ionstraimí tacaíochta sonracha agus ollstruchtúr glas.

Cruinnithe agus doiciméid

Féilire sealadach chruinnithe na GISanna

3 DEIREADH FÓMHAIR 2023
Provisional calendar CDG meetings – 2023

 

An trédhearcacht

Foilseoidh an Coimisiún na doiciméid ábhartha uile, ar nós clár, miontuairiscí, conclúidí, conclúidí páirteacha nó doiciméid oibre maidir le gníomhaíochtaí na ngrúpaí idirphlé shibhialta a bhíonn ag plé le hábhair a chlúdaítear leis an gComhbheartas Talmhaíochta.

Déanfar eisceachtaí ón bhfoilsiú córasach sin i gcásanna ina mbainfí an bonn, dá scaoilfí doiciméad, de chosaint leasa phoiblí nó phríobháidigh mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain an phobail ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

18 MÁRTA 2024
Expert group meetings privacy statement

Amlíne

  1. Feabhra/Márta 2023

    Cheap an Coimisiún balleagraíochtaí nua na GISanna

  2. Deireadh Fómhair 2022

    D’fhoilsigh an Coimisiún glao ar iarratais chun comhaltaí nua a ainmniú do na GISanna le haghaidh na tréimhse 2023-27

  3. Lúnasa 2022

    Ghlac an Coimisiún creat dlíthiúil nua le haghaidh na GISanna le héifeacht ó 2023

  4. Iúil 2021

    Chinn an Coimisiún síneadh sealadach a chur le heagrú reatha na GISanna

  5. Iúil 2014

    Chinn an Coimisiún comhdhéanamh na ngrúpaí idirphlé shibhialta, ar bhonn na nglaonna ar iarratais.

  6. Nollaig 2013

    Bhunaigh an Coimisiún creat le haghaidh an idirphlé shibhialta.

  7. 1962

    Bunaíodh creat le haghaidh an idirphlé le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta maidir le hábhair a chlúdaítear leis an gComhbheartas Talmhaíochta.

    D’fhonn cur leis an trédhearcacht agus ionas go ndéanfaí ionadaíocht ní ba chothroime ar na leasanna éagsúla, b’éigean athbhreithniú a dhéanamh ar an idirphlé a bhí ann sna grúpaí comhairleacha agus foráil a dhéanamh maidir le creat nua le haghaidh an idirphlé shibhialta i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe, na gnéithe idirnáisiúnta san áireamh, agus na cúraimí agus na struchtúir ábhartha a shainiú.

Bunúis dlí

Cinneadh (AE) 2022/1368 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 lena gcuirtear ar bun Grúpaí Idirphlé Shibhialta in ábhair arna gcumhdach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/767/AE

Rialacha cothrománacha an Choimisiúin maidir le grúpaí saineolaithe:

News