Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Agriculture and rural development

Digitiú na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe san Aontas

Rialacha agus bearta chun digitiú na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe a rialáil agus chun tacú leis.

Agrai-haiceatón an Aontais

Ar líne, 16-18 Deireadh Fómhair: réitigh dhigiteacha ar fhíordhúshláin atá roimh fheirmeoirí.

Forbhreathnú

Tacaíonn digitiú na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe san Aontas le nuachóiriú, iomaíochas agus inbhuanaitheacht na talmhaíochta. Cothaíonn sé comhtháthú teicneolaíochtaí digiteacha agus cineálacha cur chuige sonraíbhunaithe, agus folláine na bpobal tuaithe á feabhsú ag an am céanna.

Áirítear leis an digitiú glacadh teicneolaíochtaí digiteacha ag feirmeoirí agus ag pobail tuaithe mar aon le rochtain níos fearr ar eolas agus ar oiliúint. Ciallaíonn sé freisin nuachóiriú na hearnála ó thaobh bonneagair agus rialachais de.

Lá Agrai-Dhigiteach an Aontais

Thug an tríú lá de Chomhdháil Laethanta Agraibhia an Aontais deis do chainteoirí agus do rannpháirtithe plé a dhéanamh ar an bhfáth a bhfuil uirlisí digiteacha ríthábhachtach d’earnáil talmhaíochta iomaíoch, inbhuanaithe agus athléimneach.

Talmhaíocht agus digitiú

Tá an digitiú ar cheann de bhunchlocha thosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh. Le straitéis dhigiteach an Aontais, tabharfar cumhacht do dhaoine le glúin nua teicneolaíochtaí, lena n-áirítear feirmeoirí agus pobail tuaithe.

Beidh athrú claochlaitheach ag baint le digitiú earnáil talmhaíochta na hEorpa d’earnáil feirmeoireachta an Aontais agus do cheantair thuaithe araon. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí an talmhaíocht a athrú ó bhonn trí chabhrú le feirmeoirí oibriú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.

Le bailiú agus próiseáil faisnéise, uathoibriú teicneolaíochta agus róbatú, is féidir leo rannchuidiú le táirgeadh talmhaíochta níos inbhuanaithe. Is féidir leo éifeachtúlacht agus iomaíochas na hearnála feirmeoireachta a mhéadú, agus a lorg comhshaoil a ísliú ag an am céanna. Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha rannchuidiú freisin le ceantair thuaithe a fhorbairt trí inrochtaineacht agus naisc níos fearr a chur ar fáil i gcomhréir leis an bhFís Fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais.

Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha gníomhú mar uirlisí cumasúcháin le haghaidh chuspóirí sonracha uile an chomhbheartais talmhaíochta (CBT), go háirithe le haghaidh cuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil, aeráide agus cuspóirí a bhaineann le ceantair thuaithe.

Trí thimpeallacht fhabhrach a chruthú, oibríonn an tAontas Eorpach ar dhigitiú atá dírithe ar an duine. Leis sin, dúnfar an deighilt dhigiteach idir na ceantair uirbeacha agus thuaithe agus cuirfear ar chumas feirmeoirí agus pobal tuaithe glacadh le teicneolaíochtaí digiteacha agus iad a úsáid go héifeachtach.

CBT agus an digitiú

Príomhchuspóir de chuid CBT 2023-27 is ea an talmhaíocht agus ceantair thuaithe a nuachóiriú trí eolas, nuálaíocht agus digitiú a chothú agus a chomhroinnt.

Cuireann CBT cur chuige cuimsitheach chun cinn i leith digitiú don talmhaíocht agus do cheantair thuaithe, ní hamháin ar leibhéal na feirme ach chun an riarachán a nuachóiriú freisin. Den chéad uair riamh, tá straitéisí digitithe ceaptha ag tíortha an Aontais mar chuid dá bPleananna Straitéiseacha CBT, rud a éascaíonn dul chun cinn an digitithe sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe. Tá na straitéisí sin curtha in oiriúint do staid uathúil gach tíre. Féachann siad ar acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha ailíniú le cuspóirí a bhaineann go sonrach le CBT agus le cuspóirí trasearnálacha agus sainaithníonn siad na ceanglais maidir le glacadh agus úsáid inbhuanaithe teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn.

Oibríonn tíortha an Aontais freisin chun tairbhí frithpháirteacha a aimsiú le hionstraimí agus gníomhaíochtaí beartais eile, rud a chinntíonn cur chuige iomlánaíoch i leith na digiteála. Ag tógáil ar phunann bhearta CBT atá ar fáil dóibh, cuireann tíortha an Aontais an digitiú chun cinn go straitéiseach, ag díriú ar réimsí criticiúla amhail bonneagar, oiliúint, forbairt scileanna, agus glacadh ardteicneolaíochtaí, lena n-áirítear feirmeoireacht bheacht.

Uirlisí CBT don digitiú

  • Infheistíochtaí, mar shampla le haghaidh leathanbhanda nó suiteáil teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i gceantair thuaithe, amhail infheistíochtaí san fheirmeoireacht bheacht, i sráidbhailte cliste, i ngnólachtaí tuaithe, agus i mbonneagair teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide amhail leathanbhanda.
  • Éiciscéimeanna agus gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide chun tacú le teicneolaíochtaí feirmeoireachta beaichte lena ndéantar úsáid ionchuir a bharrfheabhsú.
  • Idirghabhálacha earnála chun teicneolaíochtaí digiteacha a cheannach ag céim ar bith den slabhra soláthair, lena n-áirítear malartú eolais nó faireachán ar cháilíocht táirgí.
  • Seirbhísí comhairleacha feirme maidir le gnéithe digiteacha sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe, lena n-áirítear Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme le haghaidh Cothaithigh a úsáid.
  • Comhar chun grúpaí oibríochtúla CEN, forbairt áitiúil, agus straitéisí Sráidbhailte Cliste a ullmhú agus a chur chun feidhme, arna gcinneadh ag tíortha an Aontais.
  • Malartú eolais agus faisnéis: tacú le hoiliúint le haghaidh scileanna digiteacha, feasacht agus eolas ar theicneolaíochtaí digiteacha a mhéadú, agus malartú taithí le teicneolaíochtaí digiteacha (e.g. feirmeacha taisealbhaidh) a chur chun cinn.

Ar an iomlán, tá teicneolaíocht dhigiteach feirmeoireachta le tacú le níos mó ná 274 000 feirm chun oiriúnú níos fearr d’fhorbairtí teicniúla nua.

Digitiú na seirbhísí poiblí

Bhí digitiú na seirbhísí poiblí ina phríomhthosaíocht san Aontas Eorpach agus chuir paindéim COVID-19 dlús leis an mbraistint phráinne.

Is é is aidhm do nuachóiriú chur chun feidhme agus rialachas CBT feabhas a chur ar éifeachtúlacht riarachán agus fhaireachán CBT agus, ag an am céanna, an t-ualach riaracháin ar thairbhithe deiridh a laghdú.

Feidhmíonn an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe mar an chomhpháirt theicniúil lárnach chun bainistiú airgeadais agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas talmhaíochta. Leis na hiarratais ar chabhair réamhlíonta ar líne, simplítear an próiseas iarratais d’fheirmeoirí, laghdaítear castachtaí riaracháin agus feabhsaítear inrochtaineacht ar shásraí tacaíochta. Ag an am céanna, cuireann comhtháthú íomhánna satailíte agus grianghraif gheochlibeáilte ar chumas bailiú sonraí níos cruinne agus níos iontaofa.

Straitéis Eorpach maidir le sonraí

Gintear méid ollmhór sonraí go laethúil ónár ngníomhaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear in earnáil na talmhaíochta. Tá acmhainneacht mhór ag baint leis sin don fhás eacnamaíoch agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha.

Is é is aidhm don straitéis Eorpach maidir le sonraí margadh aonair le haghaidh sonraí a bhunú, lena gcuirfear iomaíochas agus ceannasacht sonraí chun cinn. Spreagfaidh sé altrúchas sonraí, go háirithe i sonraí a ghintear ar Idirlíon na Rudaí Nithiúla, rud atá ríthábhachtach d’ardteicneolaíochtaí feirmeoireachta, amhail feirmeoireacht bheacht. Tacaíonn an Treoir maidir le Sonraí Oscailte agus an Gníomh maidir le Tacair Sonraí Ardluacha le hathúsáid sonraí freisin. Déanann na rialacháin sin difear do chomhroinnt sonraí sa talmhaíocht agus d’fhorbairt spáis choitinn sonraí le haghaidh sonraí talmhaíochta.

Spás coiteann Eorpach do shonraí talmhaíochta

Sa straitéis Eorpach maidir le sonraí, d’fhógair an Coimisiún Eorpach go n-oibreoidh sé i dtreo spás coiteann Eorpach do shonraí talmhaíochta. Leis an spás sonraí sin, ba cheart comhthiomsú agus comhroinnt iontaofa sonraí talmhaíochta a éascú idir páirtithe leasmhara príobháideacha agus údaráis phoiblí.

Deiseanna maoiniúcháin

Taighde, nuálaíocht agus fothú acmhainneachta

Tacaíonn an tAontas le taighde agus nuálaíocht maidir le claochlú digiteach talmhaíochta agus tuaithe.
Tá Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach ríthábhachtach chun réitigh dhigiteacha nuálacha a chur ar fáil agus, ag an am céanna, feirmeoirí a chumhachtú chun úsáid éifeachtach a bhaint as na teicneolaíochtaí sin. Is iad na tionscadail agus na tionscnaimh taighde sin atá ar siúl faoi láthair (PDF) i dteannta a chéile bunchloch aistriú digiteach talmhaíochta an Aontais, rud a spreagann an inbhuanaitheacht, an t-iomaíochas agus an dul chun cinn san earnáil.

Ag féachaint ar an todhchaí

Cén tionchar a bheidh ag an digitiú ar shaol na bhfeirmeoirí agus na bpobal tuaithe amach anseo?
In éineacht le hAirmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, rinneadh staidéar fadbhreathnaitheach ar ‘Impleachtaí Fadtéarmacha an Aistrithe Dhigitigh d’Fheirmeoirí agus do Phobail Tuaithe’ chun cabhrú linn an fhís don aistriú digiteach a mhúnlú.

Foilsíodh an tuarascáil chríochnaitheach le linn na Comhdhála Agraidigití ag Laethanta Agraibhia an Aontais an 8 Nollaig 2023.

Events

Le teacht
Comórtais agus searmanais bhronnta
Dé hAoine, 16 Deireadh Fómhair 2026, 09.00 - Dé Domhnaigh, 18 Deireadh Fómhair 2026, 19.00 (CEST)
Le teacht
Comhdhálacha agus cruinnithe mullaigh
  • Dé Máirt, 8 Nollaig 2026, 09.00 - Dé Céadaoin, 9 Nollaig 2026, 16.15 (CET)
  • an Bhruiséil, An Bheilg
  • Beosruthú ar fáil