Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Agriculture and rural development

Ceisteanna agus freagraí maidir leis an togra le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tar éis 2027

  • Ceisteanna agus freagraí
  • 23 Iúil 2025
  • An Bhruiséil
  • Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
  • Am léitheoireachta: 21 nóiméad
  1. Cén fáth a bhfuil Comhbheartas Talmhaíochta nua á mholadh ag an gCoimisiún anois?
  • Tá an togra mar chuid de bhuiséad fadtéarmach an Aontais dá ngairtear an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (nó ‘CAI’), arb é acmhainn airgeadais an Aontais é, agus an buntaca do chaiteachas an Chomhbheartais Talmhaíochta.
  • Is deis é an Ceart Airgeadais Ilbhliantúil ó thaobh an Comhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 a fhorbairt i dtreo beartas a mbeidh tionchar níos mó aige, a bheidh níos simplí agus níos solúbtha, agus a bheidh in ann freagairt do dhúshláin shocheacnamaíocha a bheidh ann amach anseo, chomh maith le dúshláin aeráide, chomhshaoil agus gheopholaitiúla.
  • Agus an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia á cur i gcrích aige, cuireann an togra leis na ceachtanna a foghlaimíodh san am a chuaigh thart agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar riachtanais phráinneacha na bhfeirmeoirí, na bpobal tuaithe agus na sochaí ina hiomláine.

 

  1. Cad é an buiséad a rachaidh chuig feirmeoirí, ceantair thuaithe agus earnáil talmhaíochta an Aontais?
  • Leanfaidh feirmeoirí de thacaíocht ioncaim shlán iontaofa a fháil trí bhuiséad imfhálaithe €300 billiún ar a laghad. Cuimsíonn tacaíocht ioncaim íocaíochtaí éagsúla a thacaíonn le hioncam nó cás gnó feirmeora, ina measc sin tacaíocht ioncaim limistéarbhunaithe, gníomhaíochtaí agra-chomhshaoil, tacaíocht d’fheirmeoirí beaga agus d’fheirmeoirí óga, agus d’infheistíochtaí ar an bhfeirm, amhail nuachóiriú feirme, éagsúlú nó glacadh cleachtas agus teicneolaíochtaí nua.
  • Bainfidh na Ballstáit leas freisin as an gCiste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnach nua — imchlúdach dar luach €865 bhilliún san iomlán — chun maoiniú a dhéanamh ar na bearta CBT atá fós le cur i bhfeidhm acu, mar shampla chun nascacht a mhéadú i gceantair thuaithe, nó chun tacú le fiontraíocht tuaithe trí LEADER.
  • Chun cabhrú le feirmeoirí déileáil le tionchar an tsuaite ar mhargaí talmhaíochta, tá méid an chúlchiste géarchéime méadaithe faoi dhó ag an gCoimisiún. Tugtar Líontán Sábhála Aontachta air anois, is fiú €6.3 billiún é agus tá sé coinnithe i dtaisce d’fheirmeoirí agus dóibhsean amháin.
  • Ar deireadh, leanfaidh an talmhaíocht de thairbhe a bhaint as taighde Eorpach — a bhuí le Fís Eorpach agus an Ciste nua um Iomaíochas lena dtacófar le cláir don talmhaíocht, don tsláinte, don bhithgheilleagar agus don bhith-theicneolaíocht. Cuideoidh sé sin ó thaobh síolta a fhorbairt atá níos frithsheasmhaí in aghaidh an athraithe aeráide nó feidhmeanna nuálacha a fhorbairt sa bhithgheilleagar, as a dtiocfaidh ioncam breise d’fheirmeoirí, mar shampla.
  • Cuimsíonn an buiséad nua freisin modh nua chun dul in oiriúint don bhoilsciú, rud a thabharfaidh cosaint níos fearr d’fheirmeoirí ar na luascadh dothuartha i bpraghsanna.

 

  1. Cad iad na príomhathruithe atá á moladh?
  • Déantar struchtúr an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2027 a shimpliú agus a chuíchóiriú. Déanfar an dá chiste atá ann cheana, an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) — dá ngairtear an chéad cholún agus an dara colún freisin — a chumasc i gcreat beartais aonair comhleanúnach. Leis sin, cuirfear deireadh leis an dúbailt, beifear in ann úsáid níos solúbtha a bhaint as acmhainní, agus cinnteofar go mbeidh na bearta uile i gcomhréir le cuspóirí comhroinnte.
  • Beidh an tacaíocht d’fheirmeoirí níos spriocdhírithe agus níos cothroime. Tiocfaidh íocaíocht shimplithe chéimlaghdaitheach limistéarbhunaithe in ionad an chórais chasta atá ann faoi láthair maidir le scéimeanna íocaíochta. Agus íocaíochtaí díreacha á gcoinneáil ar bun, tugtar isteach leis an athchóiriú bearta chun tús áite a thabhairt do thacaíocht d’fheirmeoirí óga, d’fheirmeacha beaga agus d’fheirmeacha teaghlaigh agus, san am céanna, an tacaíocht d’fheirmeacha móra a laghdú trí uasteorannú agus céimlaghdaitheacht. Méadaítear an tacaíocht ioncaim chúpláilte freisin, agus an caiteachas uasta ag dul ó 13% go 20%, agus is féidir 5% breise a bheith ann do na hearnálacha agus do na réigiúin is mó a bhfuil gá acu léi, amhail feirmeoireacht beostoic agus limistéir teorann íogaire.
  • Tá cosaint an chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide fós lárnach, ach aistreofar an cur chuige ó choinníollacha saintreoracha go luach saothair a thabhairt do ghníomhaíochtaí dearfacha. Déanfar córas reatha na n-éiciscéimeanna agus na mbeart agra-chomhshaoil a chumasc in aon chatagóir amháin de ghníomhaíochtaí agra-chomhshaoil, a bheidh á gcómhaoiniú ag na Ballstáit. Gheobhaidh feirmeoirí dreasachtaí soiléire chun cleachtais a théann chun tairbhe don bhithéagsúlacht, don aeráid agus do leas ainmhithe a ghlacadh. Le híocaíocht aistrithe nua, ar fiú suas le €200,000 í, tabharfar tuilleadh tacaíochta d’fheirmeacha atá ag aistriú chuig samhlacha níos inbhuanaithe.
  • Gheobhaidh feirmeoirí óga tacaíocht is mó ná riamh. Beidh sé de cheangal ar gach Ballstát Straitéis um Athnuachan ó Ghlúin go Glúin a ghlacadh, lena gcinnteofar go dtabharfar aghaidh ar bhacainní struchtúracha, airgeadais agus sóisialta ar dhul isteach sa ghairm. Le ‘pacáiste tosaigh’ éigeantach de bhearta, beidh sé níos éasca do dhaoine óga dul i mbun feirmeoireachta.
  • Rachaidh sé chun tairbhe do cheantair thuaithe agus don nuálaíocht freisin. Coinneofar agus neartófar na huirlisí forbartha tuaithe uile atá ann faoi láthair, clár LEADER san áireamh. Leathnófar an nuálaíocht, an taighde agus na seirbhísí comhairleacha, agus béim nua á leagan ar mheabhairshláinte agus ar chothromaíocht oibre is saoil d’fheirmeoirí. Den chéad uair, beidh feirmeoirí in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí faoisimh agus tairbhe a bhaint as cabhair ó oibrithe ionaid nuair a bhíonn siad tinn, ar saoire, nó ag déileáil le freagrachtaí teaghlaigh.
  • Ar deireadh, áirítear sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí athchóirithe spriocdhírithe ar an margadh. Is é is aidhm dóibh sin tacú le fás earnáil na próitéine plandaí, ainmniúcháin thraidisiúnta táirgí feola a chosaint, agus bunús dlí a thabhairt isteach le haghaidh lipéadú na tíre tionscnaimh amach anseo. Tabharfar tús áite freisin do tháirgí a fhástar san Aontas i scéimeanna scoile lena ndáiltear torthaí, glasraí agus táirgí déiríochta do leanaí scoile, rud a neartóidh slándáil an tsoláthair bia agus an talmhaíocht áitiúil.
  • Leis an gComhbheartas Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo, cuirfear beartas cothrom nuachóirithe ar fáil lena gcosnófar ioncaim, lena gcúiteofar maoirseacht chomhshaoil, lena dtacófar leis an athnuachan ó ghlúin go glúin, agus lena neartófar athléimneacht na bpobal tuaithe ar fud na hEorpa.

 

  1. An leanfaidh struchtúr dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta de bheith ann?
  • Is é is aidhm don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil nua luach níos fearr ar airgead a chur ar fáil, sineirgí a mhéadú agus rochtain ar mhaoiniú a shimpliú. Leis na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnacha, tugtar le chéile cláir mhaoiniúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana faoi chreat comhchuibhithe a bhfuil an Comhbheartas Talmhaíochta ina chroílár.
  • I gcás an Chomhbheartais Talmhaíochta, ciallaíonn sé sin imeacht ón struchtúr dhá cholún (atá comhdhéanta de chistí CERT agus CETFT) agus an dá chiste atá ann cheana a chumasc chun sraith chomhleanúnach amháin d’ionstraimí a choinneáil. Tá na huirlisí coitianta CBT ón dá cholún fós sa bhosca uirlisí atá ar fáil do na Ballstáit agus do na feirmeoirí. Leis an struchtúr nua seo, cuirfear deireadh le teorainneacha maidir le haistrithe idir colúin. Ní bheidh aon fhorluí ann a thuilleadh, agus ní bheidh coinníollacha maoiniúcháin éagsúla ann a thuilleadh le haghaidh bearta a bhfuil na cuspóirí céanna mar aon le cuspóirí eile nach iad ag gabháil leo.
  • Leanfaidh feirmeoirí de thairbhe a bhaint as an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin dara colún den Chomhbheartas Talmhaíochta atá ann faoi láthair, tacaíocht a bheidh comhtháite in aon ionstraim mhaoiniúcháin amháin. Cuideoidh sé sin freisin ó thaobh an t-ualach riaracháin a laghdú.

 

  1. Cén tairbhe a bheidh ag an gciste nua?
  • Tríd an gComhbeartas Talmhaíochta a chomhtháthú sna Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnacha, cruthófar sineirgí níos mó agus bearta a mbeidh tionchar níos mó acu i gcás inar gá, agus intuarthacht na tacaíochta ioncaim do na feirmeoirí á cosaint san am céanna.
  • Leis sin, beifear in ann cur chuige níos cuimsithí agus níos éifeachtaí a ghlacadh chun tacú le feirmeoirí agus le ceantair thuaithe.
  • Bainfidh feirmeoirí óga tairbhe as sin go háirithe, toisc go bhfaighidh siad tacaíocht tríd an gComhbheartas Talmhaíochta agus bainfidh siad tairbhe freisin as athchóirithe agus as ionstraimí a dhéanann ceantair thuaithe níos tarraingtí. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nascacht fheabhsaithe, seirbhísí riachtanacha, agus oideachas, sin agus cánachas agus rochtain ar athchóirithe talún.
  • Déanfaidh an Coimisiún deimhin de go gcomhlíonfaidh na Pleananna riachtanais náisiúnta, lena n-áirítear riachtanais na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe, trí mholtaí tírshonracha CBT, agus san am céanna coinneoidh sé buiséad imfhálaithe €300 billiún ar a laghad le haghaidh tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí, lena gcuirfear bonn slán cobhsaí ar fáil don earnáil.

 

  1. Cén tionchar a bheidh aige sin ar fheirmeoirí sa chleachtas?
  • Tá buiséad imfhálaithe fós ag an gComhbheartas Talmhaíochta le haghaidh tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí. Beidh intuarthacht acu maidir leis na méideanna a chomhlánaíonn a n-ioncam, a chuidíonn ó thaobh infheistíochtaí ar an bhfeirm, a chúitíonn éicisheirbhísí, a thacaíonn le bainistiú riosca, a chuidíonn le feirmeoirí óga dul i mbun na gairme nó a sholáthraíonn seirbhísí faoisimh feirme agus a chinntíonn caighdeáin chóra mhaireachtála ar an gcaoi sin.
  • Le deiseanna nua le haghaidh maoiniú breise agus sineirgí le haghaidh infheistíochtaí ar an bhfeirm agus lasmuigh di, comhroinnt eolais agus nuálaíocht, réitigh dhigiteacha, íocaíocht nua le haghaidh aistriú i dtreo feirmeacha níos athléimní, bainistiú riosca agus rochtain ar mhaoiniú, neartófar iomaíochas, athléimneacht agus inbhuanaitheacht fhoriomlán na bhfeirmeacha.

 

  1. Cén chaoi a ndíreofar an tacaíocht d’fheirmeoirí orthu siúd is mó a bhfuil gá acu léi?
  • Moltar sa Chomhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 cur chuige níos spriocdhírithe maidir le híocaíochtaí limistéarbhunaithe, i bhfianaise na ndálaí eacnamaíocha uathúla a bhaineann le feirmeacha agus críocha sonracha.
  • Leis an togra, tugtar isteach bearta chun aghaidh a thabhairt ar athdháileadh tacaíochta ioncaim agus tosaíocht á tabhairt d’fheirmeacha beaga, d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeacha atá lonnaithe i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu. Is lú an tacaíocht a gheobhaidh feirmeacha móra mar thoradh ar chéimlaghdaitheacht agus uasteorannú éigeantach. Cinnteoidh an méid sin go ndíreofar tacaíocht orthu siúd is mó a bhfuil gá acu léi.
  • Beidh solúbthacht ag na Ballstáit freisin scéimeanna i leith tacaíocht ioncaim spriocdhírithe a cheapadh, lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais shonracha a bhfeirmeoirí — lena n-áirítear feirmeoirí óga, mná, feirmeoirí atá ag gabháil do tháirgeadh barr agus beostoic le chéile — agus a gcríoch.
  • Beidh feirmeacha beaga in ann tacaíocht thiomnaithe a fháil trí íocaíochtaí limistéarbhunaithe, cnapshuimeanna le haghaidh aistrithe nó infheistíochtaí, nó breisithe, lena gcuirfear earnáil talmhaíochta iomaíoch athléimneach chun cinn.

 

  1. Conas a thabharfaidh an Comhbheartas Talmhaíochta tuilleadh tacaíochta d’fheirmeoirí óga tar éis 2027?
  • Tá togra nua an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta ceaptha chun cuidiú le glúin nua feirmeoirí dul i mbun feirmeoireachta agus a bheith rathúil. Le réimse uirlisí tiomnaithe agus leis na hathchóirithe a ghabhann leo, mar aon le tacaíocht spriocdhírithe, is fearr a bheidh feirmeoirí óga in ann gnólachtaí rathúla, nuálacha agus inbhuanaithe a thógáil.
  • Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit na hacmhainní is gá a ghealladh — fógrófar sprioc mhianaidhme 6% ar leibhéal an Aontais sa Straitéis um Athnuachan ó Ghlúin go Glúin atá ag teacht chun cinn an Fómhar seo agus stiúrfar í trí mholtaí sonracha CBT.
  • Bainfidh feirmeoirí óga tairbhe as tacaíocht spriocdhírithe, lena n-áirítear íocaíochtaí limistéarbhunaithe agus ‘pacáiste tosaigh’ de bhearta atá saincheaptha dá riachtanais shonracha, rud a chuideoidh ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu agus earnáil talmhaíochta níos bríomhaire agus níos éagsúla a chur chun cinn.
  • Ina theannta sin, tabharfaidh an Comhbheartas Talmhaíochta rochtain d’fheirmeoirí óga ar oiliúint, meantóireacht agus cineálacha eile tacaíochta, amhail eolas, comhairle agus forbairt scileanna, agus oibreoidh sé i gcomhar le hathchóirithe agus bearta náisiúnta chun tacú lena rath, rud a chinnteoidh go mbeidh na huirlisí agus an saineolas is gá acu chun go n-éireoidh leo.
  • Bainfidh infheistíochtaí incháilithe tairbhe as suas le 85% de chómhaoiniú ón Aontas, ráta níos airde a léiríonn go soiléir gur tosaíocht é seo don Aontas.
  • Is é an sprioc atá ann an fheirmeoireacht a dhéanamh níos inrochtana, níos tarraingtí agus níos inmharthana don chéad ghlúin eile.

 

  1. Conas a thugann an togra nua CBT aghaidh ar shaincheist an chóineasaithe sheachtraigh? Cad iad na bearta atá i bhfeidhm chun na héagothromaíochtaí in íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir idir na Ballstáit a laghdú?
  • Leis an sásra cóineasaithe sheachtraigh sa Chomhbheartas Talmhaíochta atá ann faoi láthair, déantar cistí a athdháileadh idir na Ballstáit chun éagothromaíochtaí in íocaíochtaí díreacha a laghdú. Ballstáit a fhaigheann níos lú ná 90% de mheán an Aontais, faigheann siad méadú agus is iad na Ballstáit a fhaigheann os a chionn sin a rannchuidíonn leis an athdháileadh.
  • Mar sin féin, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, níl gá leis an bhfeidhm athdháilte sin laistigh den Chomhbheartas Talmhaíochta a thuilleadh, ós rud é go gcuirtear san áireamh í agus leithdháileadh foriomlán an Phlean Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaigh in aghaidh an Bhallstáit á chinneadh. Go nithiúil, tugtar bónas do na Ballstáit sin ina bhfuil leibhéil na n-íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir faoi bhun an mheáin.
  • Thairis sin, leagtar síos sa Chomhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 raon sonraithe (íosmhéid/uasmhéid in aghaidh an heicteáir) le haghaidh tacaíocht ioncaim chéimlaghdaitheach limistéarbhunaithe, rud a fhágann go mbeidh sé níos aonfhoirmí idir na Ballstáit agus lena gcruthaítear cothroime mhéadaithe maidir lena chur chun feidhme agus lena éifeachtaí.
  • Leis an gcur chuige sin, is féidir leis na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí bunaithe ar riachtanais ioncaim agus, san am céanna, leagtar teorainn fhoriomlán síos leis maidir leis an méid is féidir a leithdháileadh ar thacaíocht ioncaim bhunúsach, agus na Ballstáit á spreagadh chun tacaíocht a dhíriú ar ionstraimí CBT eile, amhail gníomhaíochtaí agra-chomhshaoil agus aeráide nó infheistíochtaí talmhaíochta.

 

  1. Cad atá ag tarlú do spriocanna comhshaoil CBT?
  • Aithnítear go hiomlán sa Chomhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 an ról ríthábhachtach atá ag an talmhaíocht ó thaobh an comhshaol a chosaint agus a chaomhnú.
  • Tá sásraí láidre seachadta sa togra le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil, lena n-áirítear maoirseacht feirme nua do gach feirmeoir — ceanglais le haghaidh tacaíocht ioncaim a fháil — le dreasachtaí simplithe agus saincheaptha chun cleachtais a ghlacadh a théann chun tairbhe don ghníomhú ar son na haeráide, do bhainistiú uisce, do shláinte ithreach, do chaomhnú na bithéagsúlachta, do laghdú úsáid lotnaidicídí, agus do shláinte agus leas ainmhithe.
  • In ionad na coinníollachtaí saintreoracha céanna a fhorchur ar chách, beidh na Ballstáit in ann bearta a dhearadh a bheidh oiriúnach dá dtimpeallacht agus dá ndálaí áitiúla, faoi threoir moltaí ón gCoimisiún, agus ar an gcaoi sin cinnteofar go mbainfear amach ár gcomhchuspóirí comhshaoil.
  • Le creat simplithe an Chomhbheartais Talmhaíochta a bheidh ann amach anseo, bunaithe ar chur chuige críochach, díreofar ar thorthaí trí cheanglais níos spriocdhírithe a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais, mar aon le dreasachtaí níos láidre d’fheirmeoirí chun cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ghlacadh. Cuirfidh an cur chuige sin ar a gcumas d’fheirmeoirí úinéireacht a ghlacadh ar thorthaí comhshaoil, agus cinnteofar san am céanna go gcomhlíonfar cuspóirí comhshaoil an Chomhbheartais Talmhaíochta.
  • Thairis sin, tá sprioc 35% le haghaidh caiteachas ar an aeráid agus ar an gcomhshaol leagtha síos do bhuiséad foriomlán an Aontais. Is ionann sin agus uaillmhian chaiteachais 43% faoi na Pleananna, a n-iarrtar ar an gComhbheartas Talmhaíochta rannchuidiú leis freisin.
  • Leanfaidh an Coimisiún d’uaillmhian chomhshaoil CBT a stiúradh trí mholtaí tíre, trí Phleananna náisiúnta a fhormheas, agus trí thorthaí a rianú. Cinnteofar leis sin go mbeidh ardchaighdeáin chomhshaoil ag na Ballstáit agus ag feirmeoirí, agus san am céanna beidh solúbthacht agus inoiriúnaitheacht ann mar fhreagairt ar imthosca athraitheacha.

 

  1. An leanfaidh an Comhbheartas Talmhaíochta de thacaíocht a thabhairt do cheantair thuaithe?
  • Aithnítear sa Chomhbheartas Talmhaíochta an ról ríthábhachtach atá ag ceantair thuaithe agus ag pobail thuaithe bhríomhara i bhforbairt shocheacnamaíoch agus i gcomhtháthú críochach an Aontais.
  • Faoi na Pleananna, cuirfear maoiniú ar fáil do thionscnaimh lena dtabharfar aghaidh ar éagothromaíochtaí críochacha agus ar tharraingteacht na gceantar tuaithe.
  • Cuideoidh comhordú níos fearr idir na beartais ó thaobh dul i ngleic leis na príomhdhúshláin i gceantair thuaithe. Áirítear leis sin rochtain ar sheirbhísí a mhéadú, nascacht agus uirlisí digiteacha a fheabhsú, nuálaíocht a fhuascailt, agus deiseanna gnó. Is é an aidhm atá ann pobail tuaithe atá láidir, bríomhar agus nasctha ar bhealach níos fearr a chruthú a thacóidh le rath foriomlán an Aontais.
  • Leis an gComhbheartas Talmhaíochta, tógfar sineirgí le réimsí beartais eile lena ngabhann cineálacha cur chuige níos comhtháite i leith forbairt tuaithe, agus bainfear leas as uirlisí rathúla amhail LEADER chun forbairt áitiúil a chur chun cinn agus chun rochtain a sholáthar ar raon níos leithne deiseanna maoiniúcháin agus saineolais.

 

  1. Conas a chuirfear an nuálaíocht ar fáil d’earnáil na talmhaíochta?
  • Tá nuálaíocht, taighde agus rochtain ar sheirbhísí comhairleacha feirme fós lárnach dár gcur chuige.
  • Tá rochtain ar eolas, nuálaíocht a chur in úsáid, agus dlús a chur leis an aistriú digiteach ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar earnáil na talmhaíochta.
  • Áirítear leis sin eolas talmhaíochta agus córais nuálaíochta a neartú, agus rochtain a sholáthar ar sheirbhísí comhairleacha, oiliúint spriocdhírithe, agus réitigh dhigiteacha.
  • Coinnítear uirlisí rathúla sa togra , amhail tionscadail chomhair le haghaidh nuálaíochta (faoi EIP-AGRI), agus cuireann sé deiseanna ar fáil maidir le simpliú agus sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais.
  • Oibreoidh an Comhbheartas Talmhaíochta i gcomhar le beartais eile de chuid an Aontais, amhail tionscnaimh ghairmoiliúna agus digitithe, chun dul chun cinn teicneolaíoch agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn d’fheirmeoirí agus d’oibrithe feirme, go háirithe feirmeoirí óga, ar mhaithe le pobal talmhaíochta níos nuálaí agus níos athléimní a chruthú.
  • Beidh earnáil na talmhaíochta in ann tairbhe a bhaint as cistí eile freisin, amhail an Ciste Eorpach um Iomaíochas nó Creatchlár Taighde an Aontais.
  • Tacófar leis an nuálaíocht trí mheascán de roghanna maoiniúcháin. Cuideoidh infheistíochtaí i gcuideachtaí agra-theicneolaíochta agus bith-theicneolaíochta leis an earnáil fás. Cuirfidh sé sin an tacaíocht airgeadais is gá ar fáil d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide chun infheistíocht a dhéanamh, chun nuachóiriú a bhaint amach agus chun modhanna nua nuálacha a ghlacadh.

 

  1. Conas a dhéanfaidh an togra an Comhbheartas Talmhaíochta a shimpliú d’fheirmeoirí agus do na Ballstáit?
  • Is é is aidhm dár dtograí an Comhbheartas Talmhaíochta a chuíchóiriú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca é a chur chun feidhme, go mbeidh sé níos solúbtha agus go mbeidh sé níos oiriúnaí do riachtanais na bhfeirmeoirí agus na mBallstát.
  • Córas amháin atá níos simplí: le cumasc an dá chiste atá ann cheana, CERT agus CETFT, cuirfear deireadh le dolúbthacht agus beifear in ann tacaíocht níos solúbtha a thabhairt d’fheirmeoirí agus do cheantair thuaithe. Déanfaidh sé cur i bhfeidhm agus pleanáil beart a shimpliú don riarachán náisiúnta freisin.
  • A bhuí le cur chuige críochach, go háirithe maidir le bearta comhshaoil agus aeráide, tá níos mó saoirse ag na Ballstáit uirlisí tacaíochta atá saincheaptha dá riachtanais shonracha réigiúnacha agus earnála a dhearadh agus a chur chun feidhme.
  • Le nósanna imeachta simplithe, is fusa rochtain a fháil ar thacaíocht, lena n-áirítear úsáid mhéadaithe íocaíochtaí cnapshuime, breisithe spriocdhírithe d’fheirmeoirí óga nó d’fheirmeoirí beaga, agus íocaíocht aonair chéimlaghdaitheach limistéarbhunaithe amháin.
  • Tá ceanglais níos ailínithe anois ar fud réimsí maoiniúcháin éagsúla, rud a fhágann go bhfuil sé níos simplí d’fheirmeoirí rochtain a fháil ar thacaíocht agus í a chomhcheangal le beartais eile amhail táirgeadh fuinnimh, bainistiú uisce, nó forbairt scileanna.

 

  1. Conas a chuideoidh an Comhbheartas Talmhaíochta seo atá beartaithe le feirmeoirí a bheith níos athléimní in aghaidh géarchéimeanna agus dúshláin a bheidh ann amach anseo?
  • Tugann an Comhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 cosaint láidir d’fheirmeoirí, rud a chuideoidh leo rioscaí a bhainistiú agus fanacht cobhsaí i bhfianaise an athraithe aeráide agus na héiginnteachta domhanda.
  • Neartófar an méid ar a dtugtaí an cúlchiste talmhaíochta roimhe seo le ciste ráthaithe €6.3 billiún. Cuideoidh an Líontán Sábhála Aontachta seo le feirmeoirí déileáil leis an tionchar a bhíonn ag suaitheadh sa mhargadh. Tá an méid sin imfhálaithe agus curtha i dtaisce d’fheirmeoirí agus dóibhsean amháin.
  • Spreagann na tograí CBT glacadh le huirlisí bainistithe riosca freisin. Díríonn siad ar athléimneacht ar an bhfeirm a fhorbairt, le tacaíocht spriocdhírithe chun cabhrú le feirmeoirí oiriúnú, éagsúlú agus a neamhchosaint ar thurraingí a laghdú. Beidh feirmeoirí incháilithe freisin le haghaidh íocaíochtaí géarchéime faoi na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnacha chun caillteanais ó thubaistí nádúrtha nó ó adhaimsir a chumhdach.

 

  1. Conas a chosnóidh an Coimisiún feirmeoirí ar bhrú méadaithe mar gheall ar dhíospóidí geopholaitiúla agus trádála?
  • Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag seasamh le feirmeoirí atá thíos le brú agus míchothromaíochtaí sa mhargadh, lena n-áirítear iad siúd arb iad suaití trádála is cúis leo.
  • Moladh Líontán Sábhála Aontachta nua chun cabhrú le feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh sa mhargadh, ar fiú €6.3 billiún é. Leis seo, méadaítear an cúlchiste talmhaíochta atá ann faoi láthair faoi dhó.
  • Is féidir an cúlchiste sin a úsáid chun tacaíocht dhíreach spriocdhírithe a chur ar fáil d’fheirmeoirí a ndéanann díospóidí trádála nó aon turraing mhargaidh eile difear dóibh, rud a chuideoidh leo leanúint de bheith iomaíoch agus athléimneach sna héiginnteachtaí geopholaitiúla sin.

 

  1. Cén chaoi a bhfuil an Comhbheartas Talmhaíochta atá beartaithe i gcomhréir leis an bhFís don Talmhaíocht agus do Bhia?
  • Athdhearbhaítear leis an togra an tábhacht a bhaineann le talmhaíocht agus bia i mbuiséad an Aontais agus daingnítear buiséad don Chomhbheartas Talmhaíochta le hacmhainní imfhálaithe chun a chinntiú go mbeidh rath ar fheirmeoirí na hEorpa agus go dtáirgfidh siad bia ardcháilíochta.
  • Leis an togra, comhlíontar spriocanna na Físe trí thacaíocht ioncaim a dhíriú ar fheirmeoirí atá i ngátar, agus trí dhreasachtaí a thabhairt isteach le haghaidh gníomhaíochtaí aeráide agus comhshaoil, luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí a oibríonn leis an dúlra agus a chuireann cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe chun cinn.
  • Comhlíonann an Comhbheartas Talmhaíochta atá beartaithe an Fhís trí rialacha a shimpliú, trí níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit, agus trí réimse níos leithne tacaíochta a chur ar fáil.
  • Ciallaíonn sé sin go bhfaighidh feirmeoirí tacaíocht a bheidh níos oiriúnaí dá riachtanais agus a mbeidh sé níos éasca rochtain a fháil uirthi.

 

  1. Cén chuma a bheidh ar rialachas an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2027?
  • Beidh an tsamhail rialachais cosúil leis na Pleananna Straitéiseacha CBT atá ann faoi láthair. Eiseoidh an Coimisiún moltaí do na Ballstáit bunaithe ar chuspóirí coiteanna agus ar réimsí tosaíochta chun an próiseas a stiúradh. Ansin, ar an mbonn sin, oibreoidh na Ballstáit ar a bPleananna agus beidh an forléargas deiridh ag an gCoimisiún chun cothrom iomaíochta agus rannchuidiú comhpháirteach a chinntiú d’fhonn na cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a bhaint amach.
  • Déanfar an Comhbheartas Talmhaíochta a chlársceidealú in éineacht le beartais eile. Beidh prionsabal na comhpháirtíochta i gcroílár an chur chuige sin, agus ullmhófar Pleananna náisiúnta i gcomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear feirmeoirí agus comhpháirtithe tuaithe.

 

  1. Conas a chuathas i gcomhairle le feirmeoirí agus le páirtithe leasmhara eile nuair a bhí an togra le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2027 á fhorbairt?
  • Thug an Coimisiún faoi chur chuige comhoibríoch chun an chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais a mhúnlú.
  • Bhí páirtithe leasmhara, saoránaigh agus institiúidí eile de chuid an Aontais rannpháirteach ann trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear comhairliúcháin phoiblí, ardán rannpháirtíochta na saoránach, agus Painéal Saoránach.
  • Bhí idirphlé leanúnach ag an gCoimisiún le páirtithe leasmhara le 2 bhliain anuas, lena n-áirítear ceardlanna teicniúla, idirphlé straitéiseach maidir le todhchaí thalmhaíocht an Aontais, agus Comhdháil Físe inar tugadh le chéile os cionn 6,500 rannpháirtí chun todhchaí na talmhaíochta agus an bhia san Aontas a phlé.
  • Bhí príomhpháirtithe leasmhara páirteach sa phróiseas comhairliúcháin freisin, amhail an Bord Eorpach um Thalmhaíocht agus Bia (EBAF) agus an Grúpa Idirphlé Sibhialta maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta, chun a chinntiú gur cuireadh a dtuairimí agus a saineolas san áireamh agus an togra le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta bheidh ann amach anseo á mhúnlú.

 

  1. Cad iad na hathruithe atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí?
  • Is athbhreithniú an-spriocdhírithe é seo ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí agus ní mholtar ach athruithe a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí an mhargaidh.
    • I measc na n-athruithe tá tacaíocht mhéadaithe d’earnálacha sonracha, agus cosaint d’ainmniúcháin thraidisiúnta feola áirithe, lena n-áirítear lipéadú tionscnaimh treisithe.
    • Tabharfar isteach earnáil nua le haghaidh barra próitéine, agus déanfar na bearta tacaíochta earnála atá ann cheana a chuíchóiriú agus a thabhairt le chéile ionas go mbeidh tionchar níos mó acu.
    • Maidir leis na scéimeanna scoile, iarrfar ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do tháirgeacht an Aontais.
    • Cuirfidh rialacha nua feabhas freisin ar ullmhacht an Aontais do dhúshláin a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear cúlchistí bia a chruthú.

 

  1. Cathain a thiocfadh an Comhbheartas Talmhaíochta atá beartaithe i bhfeidhm?
  • Meastar go dtiocfaidh tograí an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil i bhfeidhm an 1 Eanáir 2028 ach iad a bheith formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
  • Mairfidh siad ar feadh tréimhse 7 mbliana, go dtí an 31 Nollaig 2034.

More news on a similar topic