Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Agriculture and rural development

An talmhaíocht i méadú an Aontais Eorpaigh

Ról na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe

Tá an talmhaíocht ar cheann de na saincheisteanna is casta, is íogaire agus is criticiúla i bpróiseas an mhéadaithe mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • a mhéid suntasach (a sciar den OTI agus an cion ard den daonra atá gníomhach sa talmhaíocht);
  • a easnaimh struchtúracha (feirmeoireacht leorchothaitheach agus leathchothaitheach).

Cuireann saineolaithe an Choimisiúin Eorpaigh i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe cuidiú agus treoir ar fáil do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus iad ag ullmhú d’aontachas leis an Aontas amach anseo, agus go sonrach, don chomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus don fhorbairt tuaithe.

Coinníollacha d’earnáil na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe

Tá tábhacht mhór le dhá shraith critéar.

Gnéithe eacnamaíocha

  • Geilleagar margaidh feidhmiúil a bheith ann, bunaithe ar chearta maoine soiléire, margaí feidhmiúla, léirscaoileadh praghsanna agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch.
  • An cumas déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí an mhargaidh laistigh den Aontas, agus ó tháirgí talmhaíochta iompórtáilte agus táirgí bia iompórtáilte.

Caighdeáin an Aontais

  • Acmhainneacht riaracháin leordhóthanach na riarachán talmhaíochta, go háirithe i dtaca le foirmliú beartas talmhaíochta, anailísiú, cur i bhfeidhm, íocaíocht tacaíochta agus rialú.
  • Acmhainneacht riaracháin leordhóthanach chun bearta forbartha tuaithe réamhaontachais a fhoirmliú agus a chur i bhfeidhm.
  • Ailíniú reachtach agus acmhainní riaracháin a chur ar bun i réimsí na feirmeoireachta orgánaí, an bheartais cáilíochta, agus gnéithe cothrománacha eile.
  • Ar leibhéal an mhargaidh, sásraí margaidh a chur ar bun, ina measc sin caighdeáin mhargaíochta, tuairisciú praghsanna, bainistiú cuótaí, eagraíochtaí táirgeoirí agus bearta tacaíochta margaidh amhail idirghabháil phoiblí nó bearta eisceachtúla.

Idirbheartaíocht aontachais

Idirbheartaíocht aontachais sa talmhaíocht, dírítear ar na nósanna imeachta maidir le tacaíocht CBT amach anseo (amhail íocaíochtaí díreacha, forbairt tuaithe, etc.) agus ar an ngá atá le bearta idirthréimhseacha chun go bhféadfar lánpháirtiú san Aontas, agus cúinsí sonracha na hearnála talmhaíochta i ngach tír á gcur san áireamh.

Tá gá le líon mór rialacha ceangailteacha agus forfheidhmiú éifeachtach na rialacha sin trí riarachán poiblí éifeachtúil le haghaidh fheidhmiú CBT.

San áireamh leis sin tá na dlíthe lena rialaítear córais bhainistíochta, amhail gníomhaireacht íocaíochta agus an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe, agus an cumas scéimeanna tacaíochta CBT a chur i bhfeidhm.

Chun ballraíocht a bhaint amach san Aontas, ní mór réimse táirgí talmhaíochta, ina measc sin barra curaíochta, siúcra, táirgí ainmhithe agus barra speisialaithe, a imeascadh i gcomheagrú an mhargaidh.

Eolas gaolmhar

Céimeanna i dtreo ballraíocht a bhaint amach

Comheagrú na margaí talmhaíochta

An próiseas cobhsaíochta agus comhlachais

Leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, leagtar amach spriocanna coiteanna polaitiúla agus eacnamaíocha, a dtacaíonn ionstraimí conarthacha, eacnamaíocha agus airgeadais leo chun athchóirithe a neartú agus chun gabháil leis an bpróiseas aistrithe sna Balcáin Thiar.

Is iad seo a leanas an dá phríomhionstraim lenar féidir leis an Aontas na tíortha is iarrthóirí a chobhsú agus a thabhairt i gcomhréir de réir a chéile lena chórais eacnamaíocha agus dlí féin:

Iarrthóir

Is iad an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin na naoi dtír a bhfuil an stádas ‘iarrthóir’ acu.

Tuilleadh eolais faoi iarrthóirí

Tíortha is iarrthóirí ionchasacha

Tá an stádas ‘iarrthóir ionchasach’ ag an gCosaiv.

Tuilleadh eolais faoi iarrthóirí ionchasacha

Measúnú a dhéanamh ar thionchar an mhéadaithe ar an talmhaíocht

Is próiseas bunaithe ar fhiúntas é an méadú, agus tá roinnt ama de dhíth ina leith. Ós rud é go bhfuil go leor éiginnteachta ann maidir le cén uair agus cén dóigh a bhféadfaidh na tíortha is iarrthóirí teacht isteach san Aontas, is fiú machnamh a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an méadú ar an talmhaíocht. Chuir an Coimisiún tús le próiseas comhairliúcháin le saineolaithe seachtracha, trí cheardlanna inmheánacha, chun fianaise agus léargais a bhailiú a bhaineann leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar réimsí spéise sonracha. Tugtar achoimre thíos ar an bplé a rinneadh i gceardlanna teicniúla chomh maith leis na cuir i láthair ó na saineolaithe rannpháirteacha:

News