Forbhreathnú
Is deochanna alcólacha iad táirgí fíona cumhraithe a tháirgtear trí bhlastáin a chur le táirgí fíona áirithe chomh maith le comhábhair eile, amhail úrfhíon fíonchaor agus/nó alcól, dathanna agus siúcraí. San Aontas Eorpach, aicmítear iad i dtrí phríomhchatagóir:
- fíonta cumhraithe (e.g. mormónta),
- deochanna cumhraithe fíonbhunaithe (e.g. sangria agus Glühwein),
- manglaim chumhraithe de tháirgí fíona.
Tá táirgí fíona cumhraithe an-traidisiúnta i dtíortha áirithe san Aontas, mar shampla san Iodáil, sa Ghearmáin, sa Chróit, sa Spáinn agus sa Fhrainc. D’iarr cuid de na Ballstáit sin go gclárófaí agus go gcosnófaí na tásca geografacha seo a leanas: Vermouth di Torino, Nürnberger Glühwein, Thüringer Glühwein, Samoborski bermet agus Vino Naranja del Condado de Huelva.
Faisnéis ghaolmhar
Míniú ar scéimeanna cáilíochta agus ar thásca geografacha
Beartas
Ní thacaíonn an tAontas le táirgeadh táirgí fíona cumhraithe, a bhaineann tairbhe indíreach, áfach, as na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona.
Déanann an tAontas foráil maidir le comhchreat reachtach a mhéid a bhaineann lena dtáirgeadh agus lena lipéadú agus le tásca geografacha a chosaint. Thairis sin, tá sé beartaithe táirgí fíona cumhraithe a áireamh i ngníomhaíochtaí fhaireachlann mhargadh fíona an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh níos mó trédhearcachta ann trí shonraí margaidh agus anailís ghearrthéarmach a bhailiú agus a scaipeadh go tráthúil.
Faisnéis ghaolmhar
Earnáil mhargadh fíona an Aontais
Bunúis dlí
Rialachán 251/2014 ón Aontas – leagtar síos na rialacha maidir le táirgeadh agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus sainítear cad iad na táirgí fíona cumhraithe, sainaithnítear na catagóirí sonracha a cheadaítear san Aontas agus leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir lena dtáirgeadh, lena dtuairisciú, lena gcur i láthair agus lena lipéadú. Leagtar síos leis freisin na forálacha maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí fíona cumhraithe a chlárú agus a chosaint.
Rialachán Tarmligthe 2017/670 ón Aontas – leagtar amach ann na próisis táirgthe údaraithe chun táirgí fíona cumhraithe a fháil.
Coistí
Chun a chinntiú go bhfeidhmítear freagracht an Choimisiúin Eorpaigh as gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh faoi rialú thíortha an Aontais, tugann coistí agus grúpaí saineolaithe éagsúla – atá comhdhéanta d’ionadaithe rialtais agus faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún Eorpach – cúnamh don Choimisiún Eorpach.
Tagann an coiste um chomheagrú na margaí talmhaíochta le chéile go rialta chun plé a dhéanamh ar réimsí amhail éabhlóid phraghsanna an mhargaidh, táirgeadh agus trádáil san Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas. Pléitear ábhair a bhaineann le táirgí fíona cumhraithe laistigh den choiste agus den ghrúpa saineolaithe maidir le fíon.
Tá sé de ról ag an ngrúpa idirphlé shibhialta maidir le fíon cuidiú leis an gCoimisiún Eorpach idirphlé rialta a choinneáil ar bun le páirtithe leasmhara maidir le gach ábhar a bhaineann le fíon agus táirgí fíona cumhraithe.

